Asailín Abú,
téacs: Pauline Devine; obair ealaíne: Fergal O’Connor; clúdach crua
(An Gúm, €12.00; eolas@forasnagaeilge.ie)
Leabhar lándaite dea-mhaisithe do pháistí é seo. Ar phaistí atá sna bunranganna agus meánranganna bunscoile atá sé dírithe, a shamhlóinn, páistí a bhfuil blas deas den Ghaeilge acu.
É sin ráite, gabhann na pictiúir ar gach leathanach go hálainn leis an scéal, agus ní bheadh a bhac ar Mhamó nó Daideo ar bith méar a leagan ar an bhfeamainn nó ar na glasraí nó ar an leantóir briste nó eile chun an scéal a shoiléiriú, agus comhrá beag a dhéanamh ina dtaobh mar is maith le páistí níos óige.
Líne neamhghnách scéalaíochta atá ann. Tá an Mamó seo ina cónaí i dtírín éigin samhalta cois cósta, í féin agus a cuid ainmhithe beaga, Circín agus Luichín agus Coinín agus Damhán Alla agus Cat.
Is Mamó cumasach cineálta í atá in ann cúram a dhéanamh dá paiste glasraí, agus an leantóir dá rothar a dheisiú í féin, agus feamainn dá garraí a bhailiú ón trá le cúnamh a cairde beaga. Ní haon dóithín mar Mhamó í; agus tá muileann gaoithe aici le hais an tí, ambaist.
Ar an trá a bhuaileann siad le hAsailín. Tá Asailín greamaithe i líon iascaireachta ach saorann siad é. Tagann sé slán ón bhFeirmeoir mallaithe Ó Dúshláine ar ball chomh maith agus éireoidh sé amach ina bhall luachmhar den chomhluadar.
Tá an Gúm le moladh as a bhfuil de leabhair de gach sórt curtha ar fáil acu le céad bliain anuas, go leor leabhar lándaite mar seo do pháistí san áireamh. Is deas freisin gur ealaíontóir Éireannach, Fergal O’Connor, atá ag bronnadh ‘solas agus dath’ ar ais ar fhocail na Gaeilge sa chás seo.
Dá óige a thosaíonn an ceangal taitneamhach dathannach leis an teanga is amhlaidh is fearr, ar ndóigh.
