An Trionóid Naofa

An Trionóid Naofa Worshippers pray during candlelit Eucharistic adoration at St Therese Church in Kansas City, Missouri. Photo: OSV News/Megan Marley

Bhí aithne agam ar síceolí i Londain uair amháin. Mark Blackwell is ainm dó, fear lán do creideamh. Bhí sé ag cabhrú len’ alán andulaigh, daoine a raibh dúlagar agus imní orthu. Do na caitlicigh a bhí aige mhol sé dóibh “Tá grá ag Dia dom, agus is féidir grá a thabhairt dom” a rá arís agus arís eile, gach maidin mar shampla mar an chéad rud a rá leo féin tar éis dúiseacht. Bhí tráma ar alán acu nuair a bhí siad óg, agus nach thug aon duine aire dóibh. Bhí tionchar aige seo orthu nuair a d’fhás siad suas agus thógadar an bóthar mí -cheart agus dhein siad dearmad nuair a lorg siad suaimhneas trí pléasúr agus lorg siad grá san áit mí-cheart. Chuadar ar strae. Mar a dúirt bean éigin liom uair amháin “thóg mé a lán ‘cul-de-sacs’ i mo shaol.”

Mhol an dochtúir caitleachach seo cúig déag nóimead gach lá go deimhin ag smaoineamh ós chóir na Croise Chéasta. Cad a tharlaíonn, agus cén fáth a thug sé an comhairle seo dóibh? Cad atá i gceist nuair a caithimid roinnt nóiméad go minic mar seo faoi chúin?

Tógaimid ár gcréachta go créachta Chríost. Tógaimid ár ngrá briste go Dia an ghrá chun leigheas a fháil.

Táimid ag tabhairt onóir inniu don Trinóid Naofa mar ghrúpa don Athair, don Mac agus don Spioraid Naomh atá lán do ghrá. Is místéir atá anseo agus is fiú smoineamh doimhin a dhéanamh orthu. Tré nádúr is grá é Dia díreach cosúil leis an ngrian a thugann solas agus teas dúinn go nadúra. Is é Dia amháin a thugann grá.

Cuirtear grá Dé ós ár gcomhair mar thine sa Bhíobla – cuireann sé daoine eile tré thine le grá. A tine a thugann ó ghrá Dé tá caílíochtaí na tine ann, an solas, an teas agus an griain. Nuair a fheichimid ar an lampa dearg ós comhair an tabernacle, cuirtear i chine dúinn go bhfuil Críost ann i ndairíre. Is é seo líne atá an-oiriúnach agus an-thabhactach i mo shaol féin ná – “A Dhia, a Dhia, is tú a iarraim…is mar sin a bhínn ag amharc ort sa Ionad Naofa (an sanctóir)” [Psailm 62].

Nuair a chathimid am ós A chomhair ag rá paidreacha agus gan focail ós ard thagann athrú orainn – is é caidreamh speisíalta in ár saol a fhásann suas –  agus faighimid níos mó fuinneamh, grá Dé agus scaipimid timpeall é le linn na seachtaine leis na rudaí a dhéanaimíd. “Nuair a scaiptear an ghrá fásann sé.” Is mistéir é an Triónóid Naofa. Tá Dia mar ciorcail ghrá. Is é Dia mar teaglach, agus cuireann ‘Siad’ cuireadh orainn a bheith leo! Nuair a thugaimid grá le fonn agus thar aon rud eile go dtaispeáinaimíd trócaire do dhaoine eile faighimid trócaire ó Dhia agus déanaimíd aithris Air. Bíodh grá againn dá chéile díreach mar a thugann Dia grá dúinn. Bíoch trócaire againn ar gach éinne. Tá orainn am a chaitheamh in A dteannta agus is féidir linn an domhan a lasadh le tine an ghrá seo atá le fáil. Tá torthaí éagsúla agus tús nua le feiscint in ár saol faoi láthair cosúil leis an t-Earrach Nua, tearma a d’usáid Naomh Eoin Pól II. Nílim ábalta É – Íosa Críost go h-áirithe –  a choiméad liom féin nuair a bhuail mé Leis go fíor.