Deascabháil an Tiarna

Deascabháil an Tiarna A fresco of the Ascension by Giotto di Bondone (c.1305), as part of a series on the life of Christ. Photo: iStock.

‘Sé is brí le Féile na Deascabhála ná go gcaithfidh scaoilfimid le rudaí agus glacadh le saol nua.

Nuair a bhíonn cuairteoir ag fanacht leat ar feadh tamaill agus ansin imíonn siad braithimid go mbíonn sé deacair orainn dul ar ais go dtí an gnáthshaol nuair atá siad imithe.

Bíonn brón orainn go mbíonn siad imithe agus bíonn orainn dul ar ais agus rudaí a eagrú mar a bhíodar i seomra na gcuairteoirí agus sa teach féin.

Le h-Íosa tá saol nua, níl rudaí mar a bhí siad cheanna. Tá orainn ár saol a chaitheamh ag déanamh rudaí nua, le háthas nua.

Tá sé ait le rá go bhfuil sé níos fearr dúinn go bhfuil Sé imithe!

Tógann Íosa na disceabail leo féin, go h-imeall na cathrach – is siombal atá anseo, i dtreo is go mbeadh siad leo féin, scartha amach ón slua, chun ciúnas a thaispeáin dóibh, a bheith leo féin agus a bheith naofa.

Anois agus É imithe tuigeann na deiscabail go bhfuil obair le déanamh acu.

Tá Críost imithe ar neamh agus tá súil againn É a leanúint go dtí an áit céadna agus bualadh lenár gclann, ár ngaolta agus ár cháirde dílis atá ag fanacht linn ann le cúnamh Dé in éineacht leis an Mhaigdean Mhuire, na h-aingil, Naomh Iosaef, Naomh Pádraig, Naomh Bríd agus gach uile patrún!

Déanfaidh sé breithiúnas orainn ar an méid grá agus trócaire a thaispeámar sa saol seo.

Tuigimid go bhfuil tasc specialta á thabhairt dúinn – freagracht, oidhearacht, rud èigin le tabhairt don gluain nua – rud éigin le bronnadh ort.

Mar caitlicigh tá sé de dhiulgas orainn labhairt amach ar son na ndaoine laga atá inár measc – daoine faoi bhrú, daoine a bhfuil a saol i mbaol, agus go h-áirithe na leanaí sa bhróinn atá gan cosaint.

Anois tuigimid go bhfuil costas ag baint le seo – caithimid a bheith mar finné ar an fhirinne agus a bheith réidh do bhréagnú agus magadh.

An gcreidfá gur tharla sé go raibh gach duine de na disceabhail a chonaic an deascabháil mar finné go dtí poinnte an bhàis.

Is é an focal Gréigeach ar finné ná ‘MARTYR’ caithfimid a bheith mar finnécreidiùnach agus glacadh leis an fhírinne neamhchontianta.

An cómhairle deireannach a thug Íosa dúinn ná faoin saol atà leagtha amach dùinn ag deireadh gach aifreann deirtear linn.

“Imigí tá an t-Aifreann thart – le do shaol tabhair glóir do Dhia!”

Mar a dúirt Edith Eger a fuair bás le déanaí –“ tá saol le chaitheamh agam, tá grá le thabhairt agam agus obair le déanamh agam!” Tosnóimíd arís le chumhacht an Spioraid Naomh atá ag teacht againn ar lá Cincíse. Ar aghaidh linn!